16.11.2010
IRISH LANGUAGE DEVELOPMENT OFFICER BEING RECRUITED BY CUMANN GAELACH NA hEAGLAISE
Cumann Gaelach na hEaglaise (the Irish Guild of the Church) is looking to recruit a full-time Irish Language Development Officer for the Cumann. Under the title "Towards 2014: Promoting the Irish language within the Community of the Church of Ireland", this project will secure the future of the Cumann as it approaches the 100th anniversary of its foundation in the year 2014.
This will be a three year contract. Applications for the position (by email to cge1914@gmail.com) are being accepted until Wednesday, 15 December and interviews will be held on 22 December. Further information is available on the website http://www.cumanngaelachnaheaglaise.blogspot.com/ or can be obtained by e-mailing cge1914@gmail.com. The new officer will be working in the Church of Ireland community throughout the island to promote the language.
FURTHER INFORMATION
The Irish Guild of the Church was founded in 1914 to (1) promote all that tends to preserve within the Church of Ireland the spirit of the ancient Celtic Church and to provide a bond of union for all members of the Church of Ireland inspired with Irish ideals, (2) promote the use of the Irish language in the Church, (3) collect from Irish sources suitable hymns and other devotional literature, (4) encourage the use of Irish art and music in the Church.
The Guild organises regular services as follows: The second Sunday each month (except July and August) at 8.30 am – Holy Communion in the chapel of the Church of Ireland College of Education, 96 Upper Rathmines Road, Dublin 6; the fourth Sunday each month (except June, July, August and December) at 5 pm – Holy Communion in Christ Church Cathedral, Dublin 8. An interdenominational Service is also organised during the Octave of Christian Unity in January in Christ Church Cathedral. Services are organised in other places throughout the country from time to time – for example, St Patrick’s Day, festivals. The Irish Guild of the Church supports Irish language services in Christ Church Cathedral on certain occasions when Evensong is sung by the Cathedral choir.
Website: http://www.cumanngaelachnaheaglaise.blogspot.com/
OIFIGEACH FORBARTHA GAEILGE Á EARCÚ AG CUMANN GAELACH NA hEAGLAISE
Tá an-áthas ar Cumann Gaelach na hEaglaise a fhógairt go bhfuil maoiniú ceadaithe ag Foras na Gaeilge le hOifigeach Forbartha Gaeilge lánaimseartha a fhostú don Chumann. Faoin teideal “I dTreo 2014: Ag Cothú na Gaeilge i bPobal Eaglais na hÉireann”, cinnteoidh an togra seo todhchaí an Chumainn agus muid ag druidim i dtreo chomóradh chéid an Chumainn sa bhliain 2014.
Conradh trí bliana atá i gceist. Táthar ag glacadh le hiarratais ar an bpost (trí ríomhphost chuig cge1914@gmail.com) go dtí an Chéadaoin 15 Nollaig, agus reáchtálfar agallaimh ar an 22 Nollaig. Tá gach eolas ar fáil ar an suíomh gréasáin http://www.cumanngaelachnaheaglaise.blogspot.com/ nó trí ríomhphost a sheoladh chuig cge1914@gmail.com. Beidh an tOifigeach nua ag dul i mbun oibre forbartha i measc phobal agus eagrais na hEaglaise ar fud an oileáin ar mhaithe leis an teanga a chur chun cinn.
EOLAS BREISE
Bunaíodh Cumann Gaelach na hEaglaise sa bhliain 1914 chun (1) meon na Sean-Eaglaise Ceiltí a choimeád beo in Eaglais na hÉireann agus baill na hEaglaise a chuireann spéis sa Ghaelachas a bhailiú le chéile, (2) úsáid na Gaeilge a leathnú san Eaglais, (3) iomainn agus ábhar diaga eile a bhailiú ó litríocht na Gaeilge agus (4) ceol agus ealaíon Éireannach a chur ar aghaidh in imeachtaí na hEaglaise.
Eagraíonn an Cumann seirbhísí rialta mar a leanas: An dara Domhnach gach mí (seachas Iúil agus Lúnasa) ar 8.30 am - an Chomaoineach Naofa i séipéal Choláiste Oideachais Eaglais na hÉireann, 96 Bóthar Ráth Maonais Uachtarach, Baile Átha Cliath 6; an ceathrú Domhnach gach mí (seachas Meitheamh, Iúil, Lúnasa agus Nollaig) ar 5 pm - an Chomaoineach Naofa in Ardteampall Chríost, Baile Átha Cliath 8. Chomh maith leis sin, eagraítear Seirbhís Idirchreidmheach le linn Sheachtain na hAontachta Críostaí i mí Eanáir in Ardteampall Chríost. Eagraítear seirbhísí eile in áiteanna éagsúla ar fud na tíre ó am go ham – mar shampla, Lá Fhéile Pádraig, féilte. Tacaíonn Cumann Gaelach na hEaglaise le seirbhísí Gaeilge in Ardteampall Chríost ar ócáidí áirithe nuair a bhíonn Urnaí na Nóna á chanadh ag cór an Ardteampaill.
Suíomh gréasáin: http://www.cumanngaelachnaheaglaise.blogspot.com/