08.01.2013
Interchurch Service in Irish in Christ Church Cathedral
An Interchurch Service in the Irish language will be held in Christ Church Cathedral, Dublin, on Friday January 25. This service, which has become a tradition over the past 20 years, will celebrate the Week of Prayer for Christian Unity, with hymns, prayers and readings. Hymns will be sung by the choir of Gaelscoil na Cille from County Meath. A consort of Christ Church Cathedral choir will sing canticles and an anthem. There will also be music played on the uilleann pipes.
Clergy from the Church of Ireland and the Catholic Church will be present, and the Revd Elaine Dunne, Church of Ireland, will preach this year. Representatives of the Lord Mayor are normally present also. Refreshments will be available in the medieval cathedral crypt after the service.
This service is being organised by Cumann Gaelach na hEaglaise and Pobal an Aifrinn, and there has traditionally been a large attendance. All are most welcome to this service, which will begin at 8pm.
Further information see www.gaeleaglais.ie or email gaeleaglais@gmail.com
SEIRBHÍS IDIRCHREIDMHEACH GHAEILGE IN ARDTEAMPALL CHRÍOST
Beidh seirbhís idirchreidmheach tri Ghaeilge á reáchtáil in Ardteampall Chríost, Baile Átha Cliath, ar an Aoine 25 Eanáir 2013. Ceiliúradh ar Sheachtain na hAontachta Críostaí a bheidh i gceist leis an tseirbhís seo, atá ar siúl le níos mó na scór bliain. Beidh iomainn, paidreacha agus léachtaí ann. Beidh iomainn á canadh ag cór Ghaelscoil na Cille, Co na Mí. Cloisfear cainticí agus aintiúin eaglasta ó choimhdeach chór Ardteampall Chríost. Beidh ceol ar na píopaí uilleann le cloisteáil freisin.
Beidh cléir ó Eaglais na hÉireann agus ón Eaglais Chaitliceach i láthair, agus an tUrr Elaine Dunne, Eaglais na hÉireann, a bheidh mar seanmóirí i mbliana. Is gnách go mbíonn ionadaí an Ard–Mhéara i láthair freisin. Cuirfear sólaistí ar fáil i lusca (crypt) meánaoiseach na hardeaglaise i ndiaidh na seirbhíse.
Tá an tseirbhís seo á reáchtáil ag Cumann Gaelach na hEaglaise agus Pobal an Aifrinn, agus bíonn slua maith i láthair i gcónaí. Tá fáilte roimh chách chuig an tseirbhís seo, a thosóidh ag 8pm.
Tuilleadh eolais: www.gaeleaglais.ie gaeleaglais@gmail.com